Is baile beag Gaeltachta ar imeall thiar na Coiribe i gContae na Gaillimhe é Corr na Móna. Tá an polaiteoir Éamon Ó Cuív ina chónaí sa bhaile agus lánpháirteach i bpolaitíocht agus eacnamaíocht an bhaile. Maireann an baile go mór ar thurasóireacht, go háirithe slatiascaireacht. Bíonn cúrsa Gaeilge 'Spleodar' i gCorr na Móna gach samhradh. I gCorr na Móna tá dhá tí tábhairne, Oifig an Phoist agus siopa beag darb ainm 'Lowry's'. Tá bunscoil agus Meánscoil ann — Gaelscoileanna iad an bheirt acu. Tá halla pobal le cúirt chispheile agus bíonn na coláistí samhraidh ar siúl anseo.