Crónghiúis
Sequoioideae | |
---|---|
Sequoiadendron giganteum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Aicme | Pinopsida |
Ord | Pinales |
Fine | Cupressaceae |
Fofhine | Sequoioideae Quinn, 2000 |
Crann ollmhór maorga síorghlas buaircíneach nach bhfaightear ach ar fhánaí thiar shléibhte an Sierra Nevada i gCalifornia agus iardheisceart Oregon. An crann is airde ar Domhan, níos mó ná 100 m, agus suas le 8 m ar trastomhas. An choirt suas le 1 m i dtiús, scothdhearg snáithíneach spúinsiúil. Luaitear na crainn seo i measc na n-orgánach beo is seanda ar Domhan, 400-4,000 bliain d'aois. An-fhorleathan tráth dá raibh, agus faightear a n-iontaisí sa Ghraonlainn is an tSín.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Crónghiúis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 186.