Crios astaróideach
![]() | |
---|---|
Cineál | circumstellar disk (en) ![]() ![]() |
Réad tuismitheora | An Ghrian |
Réad linbh | |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | Grianchóras laistigh ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f3/InnerSolarSystem-en.png/350px-InnerSolarSystem-en.png)
Réigiún sa ghrianchóras is ea an crios astaróideach agus é suite idir fithis Mharsa agus fithis Iúpatair. Is é Ceiréas (trastomhas 950km) an ceann is mó sa chóras gréine. Is píosaí carraige, miotail agus oighir iad na hastaróidigh.
Tháinig an crios astaróideach as an réaltnéal a bhí ag timpeallú na gréine fadó. Murach go raibh Iúpatar chomh cóngarach agus atá, thiocfadh an conamar cloiche seo go léir le chéile le haon phláinéad amháin a chruthú. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, níor cheadaigh imtharraingt láidir Iúpatair dóibh socrú síos le chéile, ó chuir sí tuilleadh fuinnimh leis an dóigh a raibh na réada beaga seo ag imbhualadh faoi chéile.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/81/951_Gaspra.jpg/177px-951_Gaspra.jpg)
An chuid is mó de mhais an phríomhchreasa astaróidigh, tá sé sna hastaróidigh mhóra. Tá an trí cinn is mó acu (2 Palas, 3 Iúnó agus 4 Veiste) níos mó ná 400 ciliméadar ar meán-trastomhas.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/12/Ceres-Vesta-Eros_compared_to_Pluto-Charon.jpg/177px-Ceres-Vesta-Eros_compared_to_Pluto-Charon.jpg)
An t-aon réad amháin sa chrios astaróideach a aicmítear inniu mar abhacphláinéad, is é sin, Ceiréas, tá sí 950 ciliméadar ar trastomhas.
Tagairtí
athraigh An Grianchóras |
---|
![]() |
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Reanna bheaga: Astaróidigh (An príomhchrios · Crios Kuiper · Diosca scaipthe) · Coiméid (Scamall Hills · Scamall Oort) · Dreigeoidigh
|