Criostalagrafaíocht x-ghathach
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/30/Freezed_XRD.jpg/300px-Freezed_XRD.jpg)
Is éard is criostalagrafaíocht X-ghathach ann ná an eolaíocht thurgnamhach a chinneann struchtúr adamhach agus móilíneach criostail. Féadfar struchtúr na gcriostal a chinneadh trí anailís a dhéanamh ar an dóigh a scaipeann an criostal X-ghathanna. D’fhorbair William H. Bragg agus a mhac, William L. Bragg, an teicníc seo agus úsáideadh í chun struchtúr mhórán criostal a chinneadh. D’úsáid Dorothy Hodgkin an teicníc seo chun struchtúir vitimín B12 agus na peinicilline a chinneadh.
Mar gheall ar an struchtúr criostalach díraontar léas de ghhathanna ionsaitheacha i go leor treoracha sonracha. Trí uillinneacha agus déine na léasacha díraonta seo a thomhas, is féidir le criostalagrafaí pictiúr tríthoiseach a tháirgeadh de dlús leictreon laistigh den chriostail. Ón dhlús leictreon seo, is féidir suíomhanna meánacha na n-adamh sa chriostail a chinneadh, chomh maith lena naisc cheimiceacha, a neamhord criostalagrafaíochta, agus faisnéis éagsúla eile.