Cruachghreanadóireacht
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/80/BEP-%28Multiple%29-Landing_of_Columbus_%28Vanderlyn%29_%28detail_cropped_out%29.jpg/250px-BEP-%28Multiple%29-Landing_of_Columbus_%28Vanderlyn%29_%28detail_cropped_out%29.jpg)
Teicníocht greanadóireachta chun cló a dhéanamh, a tugadh isteach sa 19ú céad, agus plátaí cruach á n-úsáid in ionad na seanphlátaí copair. Chun freastal ar an éileamh mór ar phictiúir an-choitianta a atáirgeadh a tugadh isteach iad, mar bhí siad níos crua fadsaolaí ná na seanphlátaí traidisiúnta. Ach bhí siad ródheacair a ghearradh is a ghreanadh. Faoi dheireadh, rinneadh na plátaí copair a leictreaphlátáil le cruach chun cuid de shochar na cruach a fháil.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cruachghreanadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.