Daniel Chee Tsui
Fisicí a rugadh i Henan na Síne is ea Daniel Chee Tsui, a rugadh ar 28 Feabhra 1939. Bhronn Ollscoil Chicago dochtúireacht air sa bhliain 1967. Tá sé ag obair ag Bell Labs in Princeton, New Jersey ón mbliain 1968 i leith. Le Robert Laughlin is Horst Störmer, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1998 as a shaothar chun iarmhairt chodánach Hall a fhionnadh sa bhliain 1982.[1]
Nascanna seachtracha
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Daniel Chee Tsui". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 681.