Diarmaid Ua Madadháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1135 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Madadhán Mór Ua Madadháin, Maoileachlann Ua Madadháin ![]() |
Athair | Madadhán Reamhar Ua Madadháin |
Rí Síol Anmchadha agus Uí Mhaine ba ea Diarmaid Ua Madadháin (bás 1135).
Cúlra
Madadhán Reamhar Ua Madadháin (bás 1096) ba ea athair Dhiarmada. Chomh maith le bheith ina rí Shíol Anmchadha, ba é an duine deireanach dá mhuintir a rinneadh rí Uí Mhaine de, c. 1134.
Ua Fuirg agus Ua Cinnéidigh
Sa bhliain 1131, bhí Diarmaid ciontach i marú Dhomhnaill Uí Fuirg, tiarna Uí Forgo.[1] Bhain ard-rí Dhomhnaill, Giolla Chaoimhín Ua Ceannéidigh a dhíoltas amach nuair a mharaigh sé Diarmaid sa bhliain 1135.[2] Tháinig Cú Choirne Ua Madadháin (bás 1158) i gcomharbacht air.
Clann
Ní aithne ar bhean chéile Dhiarmada. Bhí ar a laghad ceathrar mac aige:
- Madadhán Mór Ua Madadháin, a d'éirigh ina rí sa bhliain 1158
- Murchadh
- Conchobhar, a d'éirigh a mhac Murchadh ina thaoiseach de leath de Shíol Anmchadha, agus a fuair bás sa bhliain 1201
- Maoileachlann Ua Madadháin, taoiseach ón mbliain 1158 go dtí 1188.
Deirtear i ndán gur gan laige gan dearmad é Diarmaid.
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003), Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
- Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
- Denis Walsh, Uí Mhaine
- Dan P McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
Réamhtheachtaí Giolla Fionn mac Mhic Uallacháin |
rí Síol Anmchadha 1101 - 1135 |
Comharba Cú Choirne Ua Madadháin |
Réamhtheachtaí Aodh Ó Ceallaigh |
rí Uí Maine 1134 - 1135 |
Comharba Tadhg Ó Ceallaigh |