Dlí Moore
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/62/Moore%27s_Law_over_120_Years.png/220px-Moore%27s_Law_over_120_Years.png)
An fíoras, maidir le fás is forbairt na leictreonaice, go méadaíonn an oiread trasraitheoirí is féidir a phacáil ar chiorcad iomlánaithe faoi dhó gach dhá bhliain.
Ar an mbealach céanna, dúblaíonn dlús acmhainn na cuimhne is minicíocht an chloig i ríomhairí gach dhá bhliain freisin. Seasann an dlí seo ó 1980 nó mar sin anuas.
Bhítí á thuar ó am go chéile nárbh fhéidir go leanfadh sé a thuilleadh agus go stopfadh fás na leictreonaice, gan aistriú éigin paraidíme, eolaíocht nó teicneolaíocht nua, cuir i gcás, X-ghathanna a úsáid chun na slisní sileacain a nochtadh is mar sin pacáil níos dlúithe a fháil, nó ríomhairí le próiseáil chomhthreomhar ionas gurbh fhéidir 8, 16 nó 32 próiseáil scoite a dhéanamh ag an am céanna an t-am ar fad.[1]
Féach freisin
Tagairtí
Preview of references
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlí Moore". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 469.