Thosaigh Doris ag canadh le bannaí ceoil imóra nuair a bhí sí ina bean óg. D'éirigh go háirithe lena hamhrán "Sentimental Journey" sa bhliain 1939. Chomh maith leis na céadta fonn a ghabháil, chuaigh sí leis an aisteoireacht.
Sa bhliain 1968, ghlac sí páirt ina scannán deireanach. Ach lean sí uirthi ag casadh ceoil agus ag taifeadadh amhrán ar feadh na mblianta: B'é My Heart a halbam deireanach, sa bhliain 2011, in aois 89.
Saol
Rugadh Doris Day in Cincinnati, Ohio. B'as an nGearmáin an ceathrar seantuismitheoirí aici.
Phós Doris Day Martin Melcher sa bhliain 1951. Bhí óstán aici in Carmel-by-the-Sea (CA) a cheannaigh sise agus Melcher. D'fhan siad pósta go dtí bás Melcher sa bhliain 1968.
↑Thug Day 1924 mar bhliain a breithe i gcónaí. De réir Dhaonáireamh na Stát Aontaithe, rugadh í sa bhliain 1922 agus ghlac a beathaisnéisí leis an bhliain sin.