Druma
![]() | |
Cineál | struck membranophone (en) ![]() |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 21 |
Sampla fuaime |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/93/BassDrumToath98.jpg/250px-BassDrumToath98.jpg)
Cnaguirlis ceoil ina bhfuil scannán craicinn nó plaisteach (ábhair eile go hannamh) rite ar athshonadóir cuasach nó fráma adhmaid nó miotail. Seinntear é tríd an scannán a bhualadh le bata nó lámh, agus rangaítear drumaí de réir a gcuma (mar shampla, cónach, sorcóireach, cruth orláiste, tiompán) agus líon na scannán (mar shampla, scannán aonair, dé-scannán). Is féidir an tiompán a thiúnadh chuig airde ar leith, tréith annamh i measc na ndrumaí.
Tá drumaí in úsáid ón aois Neoiliteach, agus faightear iad ar fud an Domhain. Úsáidtear iad chun cumarsáid a dhéanamh thar achar fada agus i searmanais shibhialta is reiligiúnda. Bhí ionad lárnach naofa ag drumaí i sochaithe in allód.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Druma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 225.