Duine Iáva
Homo erectus erectus | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Primates |
Fine | Hominidae |
Géineas | Homo |
Speiceas | Homo erectus |
Fospeiceas | Homo erectus erectus Eugène Dubois, 1892 |
Ainmníocht | |
Bunlitriú | Pithecanthropus erectus |
An chéad iontaise de Homo erectus atá ar eolas, ar tháinig an t-anatamaí Ollannach Eugène Dubois (1858-1940) air i 1891 in Iáva, ag tabhairt Pithecanthropus erectus air. Ina dhiaidh sin fuarthas samplaí ó 800,000 is 300,000 bliain ó shin, agus claonta fadtréimhseacha le méadú na hinchinne is laghdú na bhfiacla. Meastar gur áitrigh Homo erectus Iáva i dtréimhse idiroighreach timpeall 900,000 bliain ó shin nuair a bhí leibhéal na farraige íseal agus Scairbh Sunda, a cheanglaíonn Iáva is mórthír na hÁise, nochta. Ina dhiaidh sin bhí Iáva scoite ó am go chéile le linn na n-oighearaoiseanna tréimhsiúla, nuair a bhíodh leibhéal na farraige íseal.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Duine Iáva". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.