Eipitéiliam
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D004848 |
TH | H2.00.02.0.00002 |
FMA | 9639 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/epithelium |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Ciseal ceall a dhéanann líneáil ar dhromchla inmheánach orgáin chuasaigh (ach amháin an croí, fuileadáin is soithigh na limfe, a dtugtar an t-intéiliam ar an líneáil aoncheallach sna cásanna sin), agus a chumhdaíonn dromchla seachtrach na colainne. Bíonn feidhmeanna difriúla aige i réigiúin dhifriúla na colainne (cosaint, tál is ionsú, mar shampla). Aithnítear cineálacha éagsúla, ag brath ar chruth is suíomh na gceall (colúnach, ciúbóidiúil nó lannach), nó a leagan amach (srathaithe nó súdasrathaithe). Tugtar eipitéiliam trasdultach ar an gcineál a bhíonn mar líneáil ar orgáin chuasacha a bhorrann is a chrapann ar feadh fad mór, cosúil leis an lamhnán. I gcuasa iata na colainne (an cuas peireacairdiach, an cuas pleorach, is an cuas peireatóinéach, mar shampla) soláthraíonn an t-eipitéiliam dromchla mín tais a dhéanann éascaíocht d'aon ghluaisne.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eipitéiliam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.