Encyclopædia Britannica
Cineál | saothar scríofa |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Andrew Bell |
Teanga | Béarla na Breataine |
Maisitheoir | Andrew Bell |
Foilseachán | an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Dáta a bunaíodh | 1768 |
Foilsitheoir | Encyclopædia Britannica Inc. (en) |
Tréith | |
Seánra | ciclipéid |
22 vols. | |
Eile | |
Uimhir OCLC | 71783328 agus 156863675 |
Suíomh gréasáin | britannica.com |
Ciclipéid ghinearálta i mBéarla is ea an Encyclopædia Britannica (Laidin: Ciclipéid Bhriotanach), arna foilsiú ag Encyclopædia Britannica, Inc. Oibríonn timpeall ar 100 eagarthóir uirthi go lánaimseartha agus cuireann breis is 4,000 duine léi. Orthu seo tá 110 duaiseoirí Nobel agus cúig huachtarán na Stát Aontaithe. Ba é an leagan den 15ú eagrán a cuireadh amach sa bhliain 2010 an leagan deireanach i bpár: chuimsigh sé 32 imleabhar agus 32,640 leathanach de théacs. Foilsítear ian chiclipéid i gcónaí i bhfoirm dhigiteach.
Is í Encyclopædia Britannica an chiclipéid ghinearálta is sine i mBéarla agus an ceann is mó aitheantais air. Cé gur cuideachta Meiriceánach atá ann anois, b'as Soilsiú na hAlban a chéad tháinig an EB ar an saol i nDún Éideann sa 18ú haois, sna blianta 1768–1771.