Fíordheimhniú ilmhodhanna

Is cur chuige fíordheimhnithe leictreonach é fíordheimhniú ilmhodhanna (nó MFA, nó 2FA, agus téarmaí comhchosúla) ina dtugtar rochtain d'úsáideoir ar shuíomh gréasáin nó feidhmchlár tar éis don duine dhá phíosa fianaise (na modhanna) nó níos mó a chur ar fáil ar mhaithe le fíordheimhniú. Cosnaíonn fíordheimhniú ilmhodhanna sonraí pearsanta ó thríú páirtí neamhúdaraithe a d'fhéadfadh pasfhocal amháin a fháil go measartha éasca, mar shampla, ach gur deacra teacht ar an dara píosa fianaise.