Fíteacróm
Is lí a fhaightear i gcuid mhaith grúpaí plandaí é fíteacróm,[1] a bhfuil baint aici leis an bhfreagairt fhótaithréimhsiúil. Comhdhúil próitéine atá ann, a bhfuil dhá fhoirm di ann, gach ceann a fhreagraíonn do chineál difriúil solais is a fheidhmíonn mar nasc, ag brath ar na cúinsí soilsithe (fad solas an lae, mar shampla). Rialaíonn sé próisis cosúil le bláthú is fás.[2]
Tagairtí
- ↑ ““fíteacróm” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fíteacróm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.