Fótaiteiripe
Is éard atá i gceist le fótaiteiripe ná nochtadh na colainne do sholas fionnuar gorm (tonnfhaid 420-80 nm), saor ó sholas ultraivialait. Úsáidtear í chun cóireáil ar bhuíochán an naíonáin nuabheirthe.
Cabhraíonn sí chun an lí bilearúibin a dhíghrádú ina tháirgí atá intuaslagtha in uisce, ionas gur féidir iad a dhíbirt sa bhfual.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fótaiteiripe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.