Fuair suas le 173 duine bás go díreach i mí Feabhra 2009 de bharr na dtinte san Astráil (Béarla: Black Saturday bushfires).[1] Bhí bailte i Victoria dóite go hiomlán agus bhí na mílte acra talún scriosta. Dúirt Príomh-Aire na hAstráile ag an am gur dúnmharfóirí iad na daoine a thosaigh na tinte d'aon turas.[2]