Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht idirnáisiúnta ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1992 | ||||
Bunaitheoir(í) | Jody Williams ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | icbl.org ![]() | ||||
Lainseáladh an Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc (ICBL) sa bhliain 1991. Meastar go bhfuil níos mó ná 100 milliún mianach mar seo suncáilte thar fhairsingí leathana den domhan mar iarmhair de chogaí searbha i Vítneam, Laos, an Chambóid, Angóla, an iar-Iugslaiv, agus réigiúin leathana den Afraic.
Maraítear nó gortaítear go dona suas le 20,000 duine ag na mianaigh seo gach bliain, páistí den chuid is mó. Bíonn ar fheirmeoirí an talamh a ghlanadh de mhianaigh chun gur féidir í a shaothrú arís. Obair fhíorbhaolach é mianaigh a ghlanadh, cinnte.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e0/D%C3%ADa_Internacional_para_la_Sensibilizaci%C3%B3n_sobre_las_Minas_Antipersonal._%285589646588%29.jpg/220px-D%C3%ADa_Internacional_para_la_Sensibilizaci%C3%B3n_sobre_las_Minas_Antipersonal._%285589646588%29.jpg)
Struchtúr eagraíochtúil
Coiste stiúrtha ó 16 eagraíocht atá ag an bhfeachtas, a chomhordaíonn obair 1,300 eagraíocht i 75 tír. Cabhraíonn sé le glanadh mianach agus soláthar míochaine d'íobartaigh. Bhuaigh an feachtas, lena chomhordaitheoir Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e9/D%C3%ADa_Internacional_para_la_Sensibilizaci%C3%B3n_sobre_las_Minas_Antipersonal._%285588337941%29.jpg/220px-D%C3%ADa_Internacional_para_la_Sensibilizaci%C3%B3n_sobre_las_Minas_Antipersonal._%285588337941%29.jpg)
Cuireadh cosc ar mhianaigh féinscriosta sa bhliain 1997.[1] Shínigh 133 tír conradh, is d'aontaigh 58 tír eile leis, chun cosc a chur ar úsáid, táirgeadh, stóráil nó iompar na mianach seo, agus rinneadh dlí idirnáisinta de i 1999.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "Ottawa Treaty" (as en) (2020-03-24). Wikipedia.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.