Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | CND ![]() | ||||
Cineál | eagraíocht abhcóideachta anti–nuclear weapons movement (en) ![]() eagraíocht síochána eagraíocht neamhrialtasach ![]() | ||||
Foirm dlí | cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | Samhain 1957 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | cnduk.org ![]() | ||||
Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 (CND nó an Campaign for Nuclear Disarmament i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d7/Glastonbury_Festival_2009_-_Poster_and_banner_site.jpg/220px-Glastonbury_Festival_2009_-_Poster_and_banner_site.jpg)
Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na máirseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí.
Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas.
D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.