Feithid ghainneach
Coccoidea | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hemiptera |
Forfhine | Coccoidea Handlirsch, 1900 |
Feithid a dhiúlann plandaí. Na baineannaigh fhásta gan sciatháin cosanta de ghnáth, le clúdach céarach, cosúil le lanna, a thálann sí ar a colainn. Ní itheann na fireannaigh ó phlandaí, agus bíonn péire sciathán acu. Níos lú ná 8 mm ar fhad. Scaipeann an ghaoth na larbhaí nua-ghortha (na lotnaidí). Timpeall 4,000 speiceas ann, ina measc lotnaidí suntasacha a ionsaíonn plandaí atá tábhachtach sa trádáil.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feithid ghainneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.