Frog saigheadnimhe
Dendrobatidae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Amphibia |
Ord | Anura |
Forfhine | Dendrobatoidea |
Fine | Dendrobatidae Cope, 1865 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Frog caol atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas is ea an frog saigheadnimhe.[1] Gealdaite go minic. Áitríonn sé coillearnach. Beireann sé uibheacha ar an talamh, agus iompraíonn na froig fhásta na torbáin go dtí an t-uisce. An craiceann an-nimhiúil. Cuimlíonn na bundúchasaigh a reanna saighde le craiceann froig bheo chun iad a nimhiú le haghaidh seilge. Tá roinnt buaf i Meiriceá Theas freisin a dtugtar buafa saigheadnimhe orthu.[2]
Tagairtí
- ↑ ““frog saigheadnimhe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frog saigheadnimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 291.