Fual
![]() | |
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D014556 |
FMA | 12274 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/urine |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Uisce bréan a sceitear as an gcorp is ea fual nó mún. Eascraíonn fual ó na duáin agus cnuasann sé sa lamhnán. Nuair nach féidir leis an lamhnán a thuilleadh fual a choimeád, caithfear an fual a sceitheadh. Sileann an fual amach tríd an t-úiréadra. Sceitheann fir agus ainmhithe fireann fual tríd an bod. Sceitheann mná agus ainmhithe baineann fual amach trí pholl an fhuail. Ní moltar é a ól mar tá sé lán leis na hábhair a theastaigh ón gcorp fáil réidh leo.