George Hoyt Whipple
Paiteolaí a saolaíodh in Ashland, New Hampshire ab ea George Hoyt Whipple (28 Lúnasa 1878 - 1 Feabhra 1976). Rinne sé taighde ar bhunús na hanaemachta marfaí. Le George Minot is William Murphy, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1934 as a shaothar chun cóireáil rathúil ar an ngalar marfach seo a fhionnadh.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "George Hoyt Whipple". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.