Matamaiticeoir, geografaí is cairteoir a rugadh i Rupelmonde na Beilge ab ea Gerardus Mercator, a rugadh mar Gerhard Kremer (5 Márta1512 – 2 Nollaig1594). Cáil air as a fhortheilgean léarscáile le haghaidh loingseoirí, a ainmníodh as. Tá an cur chuige seo in úsáid i léarscáileanna muirí ó shin i leith. An chéad duine a d'úsáid an focal ‘atlas’ dá leabhar léarscáileanna (a chríochnaigh a mhac i 1595) le léaráid clúdaigh d'Atlas ag iompar na cruinneoige ar a ghuaillí.[1]