Ciontóir gnéis agus iar-phéiceallán as Sasana is ea Ghislaine Maxwell, a rugadh ar 25 Nollaig1961.[1]
Sa bhliain 2021, fuarthas Maxwell ciontach sna Stáit Aontaithe i ngáinneáil ar chailíní óga ar son Jeffrey Epstein, ciontóir gnéis mór le rá (chuir Epstein lámh ina bhás féin in 2021; bhí Maxwell ag fanacht le triail ag an am).
Fuarthas Maxwell ciontach de chúig chúiseamh as sé cinn, tar éis fianaise a chloisteáil sa chúirt ó cheathrar ban a rinne cur síos ar dhrochíde ghnéis ó Epstein idir 1994 agus 2004. Tháinig an fíorasc ciontachta ar an 29 Nollaig 2021, tar éis cúig lá de bhreithniúchán ag coiste dháréag agus triail a mhair mí ar fad i Nua-Eabhrac.[2]