Is baile suite i gCorn na Breataine é Hayle. Tá Hayle ar inbhear na habhann Hayle agus is é "inbhear" an chiall atá le "hayle" (heyl) i gCoirnis. Tá an baile 7 míle (11 km) thoir thuaidh ó Penzance. Tá 8,317 duine ina gcónaí ann (2001).