Hippolyte Taine
Léirmheastóir is staraí Francach ab ea Hippolyte Taine (1828-1893). Ghlac sé leis gur toradh ar an dúchas is an comhshaol é an duine, smaointe ba bhun leis an scoil nádúraíoch. Scríobh sé Histoire de la littérature anglaise (Stair Litríocht an Bheárla, 1864) agus Origines de la France contemporaine (Bunúis Fhrainc an Lae Inniu, 6 imleabhar, 1876-1893). Toghadh chuig Acadamh na Fraince é i 1878.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hippolyte Taine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.