Is é Intel Corporation an comhlacht leathsheoltóirí is mó ar domhan agus táirgeoir an réimse mhicriphróiseálaí (x86 srl.) a úsáidtear sa chuid is mó de ríomhairí pearsanta an domhain.
Stair
Bhunaigh Robert Noyce agus Gordon Moore an comhlacht i 1968 faoin ainm Integrated Electronics Corporation, lonnaithe i Santa Clara, California. Ba cheannródaí é i bhforbairt sliseanna cuimhne SRAM agus DRAM.
Chuir feachtas margaíochta ainm an chomhlachta i mbéal an phobail ar fud an domhain sna 1990í, leis an sluán Intel Inside.
Sa bhliain 2022, bhí 5,000 duine atá fostaithe ag Intel in Éirinn in iomlán, i Léim an Bhradáin go háirithe. Sa bhliain chéanna, bhí tairiscint curtha ar fáil ag dá bhfostaithe in Éirinn go gceadófar saoire gan phá dóibh.[2] Bhain an scéal leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.