Ionad aclaíochta
Is éard is ionad aclaíochta ann ná áit a ndéanann daoine gluaiseachtaí éagsúla leis an gcorp a aclú.
Téarmaí
Tá flúirse téarmaí Gaeilge in úsáid mar chur síos ar ionaid nó seomraí den chineál seo; giom, giomnáisiam, seomra aclaíochta, halla aclaíochta, ionad/halla gleacaíochta, spórtlann, halla corpoideachais, halla traenála, ionad traenála, lúthlann, matánlann, aclann jim, agus an iasacht gym féin.