Ionduchtas
![]() | |
Foirmle | ![]() |
---|
Is éard is ionduchtas[1] ann ná tomhas ar chumas corna i gciorcad leictreach voltas a ionduchtú i gcorna eile (comhionduchtas) nó ann féin (féinionduchtas) trí réimsí maighnéadacha athraitheacha. Is i hanraí (H) a thomhaistear é. Is ionann é agus cóimheas an fhórsa leictreaghluaisnigh a ionduchtaítear is ráta athraithe an tsruth ionchuir a chruthaíonn an réimse maighnéadach athraitheach.[2]
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ionduchtas” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ionduchtas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.