Ionfhabhtú
Cineál | physiological condition (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Scrúduithe | saothrán fola agus cultúr mhicribhitheolaíochta ![]() |
Cóireáil | anti-infective agent (en) ![]() ![]() |
Pataigineas | |
Cúis | pataigin agus tarchur pataigine ![]() |
Éifeacht | galar tógálach, uisce dearg, avitellinosis (en) ![]() ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0116597 ![]() |
MeSH | D007239 ![]() |
UMLS CUI | C3714514 ![]() |
Ionsaí a dhéanann miocrorgánaigh ar an gcolainn, áit a n-atáirgeann siad chun galair a chur ar bun. Is paitigineach na horgánaigh seo. Is féidir le horgánaigh phaitigineacha ar leith a bheith i láthair ar an gcraiceann nó cuid eile de dhuine gan galar a chur ar bun. Sa chás sin, is iompróir de chuid an orgánaigh an duine sin. Tosaíonn an t-ionfhabhtú nuair a théann an miocrorgánach isteach ag ionad ar leith, cosúil leis na céislíní, an craiceann, an ducht riospráide, nó an ducht fuail. I ndiaidh don mhiocrorgánach fáil isteach mar seo, bíonn duine ar fónamh ar feadh tréimhse agus an miocrorgánach ag atáirgeadh (an tréimhse goir). Is féidir leis na miocrorgánaigh an galar a chur ar siúl ar bhonn áitiúil, nó scaipthe i bhfíocháin is orgáin ar fud na colainne, cosúil le cistíteas (sa lamhnán), niúmóine (sna scamhóga), agus heipitíteas (san ae).[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ionfhabhtú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.