Ionsaí ar amharclann in Mariupol
| ||||
Cineál | coir chogaidh tuairgneáil aerionsaí ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Léigear Mariupol ![]() | |||
Dáta na bliana | 16 Márta 2022 ![]() | |||
Suíomh | Mariupol, An Úcráin ![]() | |||
Tír | an Úcráin ![]() | |||
Sprioc | Donetsk Academic Regional Drama Theatre (en) ![]() ![]() | |||
Líon básanna | circa 600 ![]() | |||
Líon gortaithe | luach anaithnid ![]() | |||
Ar 16 Márta 2022 i gcathair Mariupol san Úcráin, rinne an Rúis ionsaí ar amharclann ina raibh na céadta ar foscadh ann Is féidir suas le 300 - 600++ duine a bheith maraithe san ionsaí.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/31/Mariupol_Drama_Theatre_Destroyed_2_%283to4%29.jpg/220px-Mariupol_Drama_Theatre_Destroyed_2_%283to4%29.jpg)
Cúlra
Bhí muintir na cathrach faoi dhianléigear ag Arm na Rúise ag an am, agus gorta agus galar ag bagairt orthu de cheal riar a gcáis.
Imeachtaí
Bhí 130 duine tarraingthe amach as an smionagar ina mbeatha ag lucht tarrthála, ach ní raibh tásc ná tuairisc ar bhunáite na ndaoine - mná agus leanaí - a bhí ar foscadh san amharclann.[2]
Dúirt Údaráis na hÚcráine go raibh an Rúis ar an eolas go raibh sibhialtaigh i bhfolach sa bhfoirgneamh ag an am nuair a ionsaíodh é, mná agus leanaí a bhformhór.[3]
Thug Amnesty International “coir chogaidh” ar an ionsaí.[4]
I mí na Bealtaine 2022, gabhadh Maria Ponomarenko, iriseoir Rúiseach, mar gheall ar thuairisc ar na mbuamáil a rinne an Rúis in Mariupol,[4]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "AP evidence points to 600 dead in Mariupol theater airstrike" (en). AP NEWS (2022-05-04). Dáta rochtana: 2023-02-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-03-18). ""1,000 duine sáinnithe i smionagar amharclainne i Mariupol"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-03-25). "Imní go bhfuil 300 maraithe in ionsaí ar amharclann i Mariupol" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 Cathal Mac Coille (18 Feabhra 2023). "Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-18.