James Hutton
Geolaí a rugadh agus a d'éag i nDún Éideann ab ea James Hutton (3 Meitheamh sa tseanstíl (nó 15 Meitheamh sa nuastíl) 1726 – 26 Márta 1797). Leag a leabhar cáiliuil A Theory of the Earth (Teoiric den Domhan, 1795) bunsraith na geolaíochta nua-aoisí.[1]
Chuir Hutton an smaoineamh chun cinn gur féidir cianstair an domhain fhisiciúil a thuiscint as fianaise i gcarraigeacha an lae inniu. Trína staidéar ar ghnéithe i dtírdhreach agus cóstaí a chuid ísealchríocha dúchasacha in Albain, mar shampla Salisbury Crags nó Rubha Siccar, d'fhorbair sé an teoiric nach bhféadfadh gnéithe geolaíochta a bheith statach ach go ndearnadh claochlú leanúnach orthu thar thréimhsí fada éiginnte. As seo d'áitigh sé, agus é ar aon intinn le go leor geolaithe luath eile, nach bhféadfadh an Domhan a bheith óg. Bhí sé ar dhuine de na moltóirí ba luaithe de choincheap ar tugadh an t-aonfhoirmeachtachas air sna 1830idí. Sé sin an eolaíocht a mhíníonn gnéithe de screamh an Domhain mar thoradh ar phróisis nádúrtha leanúnacha thar an scála geolaíoch. Chuir Hutton teoiric ar aghaidh freisin maidir system of the habitable Earth, a mholadh meicníocht dhiasaíochc chun an domhan a choinneáil oiriúnach go deo do dhaoine, iarracht luath chun prionsabal na hantrapachta de chineál amháin a leagan amach.
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Hutton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 355.