Drámadóir agus file Francach ab ea Jean Racine (1639 – 1699). Do rugadh é i La Ferté-Milon ar an 22ú lá de mhí na Nollag agus do fuair sé bás i bPáras ar an 21ú lá d'Aibreán. Duine desna scríobhnóiribh Francacha is cáiliúla is ea é. Phèdre (1677), Andromaque (1667), Britannicus (1669), Bérénice (1670) agus Iphigénie (1674) cúpla ceann desna sárdhrámaibh a scríobh sé.