John Carew Eccles
Fiseolaí a rugadh i Melbourne na hAstráile ab ea an Ridire John Carew Eccles (27 Eanáir 1903 – 2 Bealtaine 1997). Rinne sé taighde ar néarfiseolaíocht, agus bhuaigh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis, le Hodgkin is Andrew Huxley, as a shoiléirithe ar na meicníochtaí ianacha a bhaineann le spreagadh scannán na cille néarógaí.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "John Carew Eccles". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 239.