Joseph Fourier
Matamaiticeoir a rugadh in Auxerre na Fraince ab ea Jean-Baptiste Joseph Fourier (1768-1830). Thug sé isteach forbairt feidhmeanna i sraitheanna triantánúla, a dtugtar sraitheanna Fourier orthu anois. Thairg sé gur féidir beagnach aon fheidhm d'athróg réadluachach a scríobh i bhfoirm suim shínis is chomhshínis shlániolraithe na hathróige. Ina leabhar cáiliúil Théorie analytique de la chaleur (Teoiric Anailíseach an Teasa, 1822) chuir sé an anailís seo i bhfeidhm chun cothromóidí difreálacha páirteacha a réiteach maidir le seoladh teasa in ábhair is struchtúir sholadacha. Is uirlis bhunúsach an anailís seo sa bhfisic mhatamaiticiúil anois.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jean-Baptiste Joseph Fourier". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.