Is príomhchathair na gobharnóireachta Kairouan é Kairouan(Araibis:قيروان ). Tá an chathair 150 ciliméadar soir ó dheas ó Túinis, 50 ciliméadar soir ó Sousse agus 70 ciliméadar ón Meánmhuir. De réir an daonáireamh 2014, tá daonra de 139,070 ag an gcathair agus é an chathair leis an gcúigiú daonra is mó sa Túinéis. Sa bhliain 1988, cuireadh an chathair ar liosta Suíomh Oidhreacht DomhandaUNESCO.[1] Uaireanta, deirtear go bhfuil an chathair ina cheathru cathair is naofa in Ioslam i ndiaidh Meice, Meidíne agus Iarúsailéim agus ina chathair is naofa sa Mhagraib.
Bhunaigh an Chailifeacht Umayyad an chathair sa bhliain 670 RC. Go dtí an 11ú haois, b'ionad tábhachtach Ioslamach é do Mhoslamaigh na Afraice Thuaidh. Sa lá na linne seo, tagann Moslamaigh ó chian is ó chóngar go Kairouan.