Kunstmuseum Den Haag
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() | ||||
Sonraí | ||||
Cineál | Dánlann | |||
Foirgníocht | 29 Bealtaine 1866 ![]() | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 29 Bealtaine 1935 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | An Háig, An Ísiltír | |||
Suíomh | Stadhouderslaan 41 | |||
| ||||
Le cuid | Escher Museum (en) ![]() Fotomuseum Den Haag (en) ![]() KM21 (en) ![]() | |||
Gníomhaíocht | ||||
Bunaitheoir(í) | Hugo Ferdinand van Zuylen van Nijevelt (en) ![]() ![]() | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 719,000 (2015) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | kunstmuseum.nl | |||
Is ceann de na músaeim is mó agus is cáiliúla é an Kunstmuseum Den Haag san Ísiltír, suite sa Háig.
Is fairsing an bailiúchán ealaíne atá sa Kuntsmuseum Den Haag. Tá an Kunstmuseum ar cheann de na músaeim is mó san Eoraip, agus tá os cionn 160,000 saothar ealaíne ann.[1]
Foirgneamh Art Deco is ea foirgneamh an Kunstmuseum, foirgneamh a dhear ailtire de chuid na hÍsiltíre, H.P. Berlage.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/32/Barberini_August_2023-Piet_Mondrian_-_M%C3%BChle_bei_Domburg%2C_1908_-_Kunstmuseum_Den_Haag_%28cropped%29.jpg/220px-Barberini_August_2023-Piet_Mondrian_-_M%C3%BChle_bei_Domburg%2C_1908_-_Kunstmuseum_Den_Haag_%28cropped%29.jpg)
Bailiúchán Piet Mondrian
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e2/Barberini_August_2023-Piet_Mondrian_-_Rasterkomposition_8._Schachbrettkomposition_mit_dunklen_Farben%2C_1919_-_Kunstmuseum_Den_Haag_%28cropped%29.jpg/220px-Barberini_August_2023-Piet_Mondrian_-_Rasterkomposition_8._Schachbrettkomposition_mit_dunklen_Farben%2C_1919_-_Kunstmuseum_Den_Haag_%28cropped%29.jpg)
Is sa Kunstmuseum atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre. Bíonn bailiúchán ealaíne Piet Mondrian ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’.[2]
Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Oisín Uíbh Eachach (2023-11-29). "An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliana" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
- ↑ "Mondrian & De Stijl" (en). Kunstmuseum Den Haag (2016-11-16). Dáta rochtana: 2023-12-01.