Lá ANZAC
Cineál | saoire phoiblí day of remembrance (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Australian and New Zealand Army Corps (en) |
Comóireann sé | Feachtas Gallipoli |
Bailíocht | 1916 - |
Lá | 25 Aibreán |
Tír | an Astráil agus an Nua-Shéalainn |
Is Lá Náisiúnta Cuimhneacháin é Lá ANZAC san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Ceiliúrtar Lá ANZAC gach bliain ar an 25 Aibreán, nuair a rinne na trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha ionradh ar an Tuirc sa bhliain 1915, "feachtas Gallipoli".
Ar fiannas sa Chéad Chogadh Domhanda
Ar 8 Eanáir 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na nDardanelles, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli.
Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.
Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.
Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:
- Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.
Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.
Comóradh
Dúirt Michael D. Higgins, a raibh fiche Ceann Stáit eile ina chuideachta ag “Searmanais Chomórtha Gallipoli” ar 23 Aibreán 2015, "b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-25.