Leadán
Dipsacus ![]() | |
---|---|
![]() leadán úcaire ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Dipsacales |
Fine | Caprifoliaceae |
Géineas | Dipsacus ![]() L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Dipsacus fullonum ![]() |
Planda mór docht colgach ilbhliantúil a fhásann go dtí 2 m. Dúchasach don Eoraip is an Mheánmhuir. A ghas ar uillinn. Na duilleoga i gcnota, leathfhada nó éilipseach, a fhaigheann bás tar éis bliana. Na duilleoga ar an ngas caol, ina bpéirí, cónasctha ag a mbun chun cupáin lán d'uisce a dhéanamh. Na bláthanna an-bheag, bán nó liathchorcra, i gcinn ar mhéid is cruth uibhe, agus iad timpeallaithe le brachtanna cuaracha deilgneacha. Bíonn brachtanna righne ar chinn an leadáin shaothraithe, leadán Fuller, agus úsáidtear iad chun an bruth a thógáil ar éadaí. Bheadh na brachtanna ar an leadán fiáin rósholúbtha chuige sin.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.