Lega Nord
Páirtí polaitiúil Iodálach is ea Lega Nord a bunaíodh sa bhliain 1991, i bhfad amach ar an eite dheis.
Is é Lega Nord per l'Indipendenza della Padania (Léigiún Tuaisceartach ar son Neamhspleáchas na Padáine) ainm iomlán an pháirtí. Sa bhliain 2018, agus an toghchán ginearálta ar siúl, thosaigh an pháirtí ag baint úsáide as Liga ina chuid poiblíochta agus "il Carroccio" (sórt carróiste cogaidh traidisiúnta) a thugtar air go coitianta.
Sheas an páirtí, san am a chuaigh thart, ar son neamhspleáchas do chuid mhaith de thuaisceart na hIodáile. agus ar son córais fheidearálta san Iodáil.
Tá aird an pháirtí dírithe ar an imirceacht le blianta beaga anuas. Tá an Lega go mór ina choinne, an imirceach neamh-Eorpach go háirithe.
Rialtas 2018-2019
i mí Bealtaine 2019, ceapadh Matteo Salvini mar an tAire Gnóthaí Baile. Tharraing sé conspóid nuair a gabhadh oibrithe cabhracha sa bhliain 2019.[1]
Chaill sé an post sin i mí Lúnasa 2019 nuair a chuaigh páirtithe eile i gcomhghuaillíocht le chéile, gan an Lega.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "Carola Rackete" (as en) (2021-12-31). Wikipedia.