Is iar-réigiún riaracháin i ndeisceart na Fraince é Limousin (nó Lemosin san Ocsatáinis). Bhí cónaí ar 742,771 duine i Limousin ar lá an daonáirimh (Lá caille) in 2010. Is í an réigiún a bhfuil an dara daonra is ísle sa Fhrainc Dhúthach ann. Is é Limoges príomhbhaile Limousin. Cé gurb í an Fhraincis príomhtheanga an réigiúin, ba í an Ocsatáinis an phríomhteanga in áiteanna áirithe faoin tuath go dtí na seachtóidí. Tá an Ocsatáinis fós á labhairt ag daoine faoin tuath i Limousin atá caoga bliain d'aois nó níos aosta.