Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san Eoraip ag an am.
Tús a Shaoil
Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-AireJules Mazarin sa bhliain 1661.
Reiligiún agus Cogaí
Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an gCogadh Franc-Ollannach, Cogadh Léig Augsburg, agus Cogadh Chomharbas na Spáinne. Chaill na hÚgónaigh a gceart nuair a chealaigh Louis XIV in 1685 Fógra Nantes (1598).[2]
Ach bhí cúrsaí an-chasta ann ar fad.[3] Bhí an cogadh in Éirinn sna 1690idí ina chuid de choimhlint níos mó san Eoraip chun cur i gcoinne Louis XIV arbh é an rialtóir ba chumhachtaí san Eoraip é an tráth sin. Bhí Liam ag troid ar son cúis Phrotastúnach ós rud é go raibh sé ag cur i gcoinne Louis, a cheap gur rialtóir mór Caitliceach é féin agus go raibh sé i gcoinne an Phrotastúnachais. Ach bhí Pápa na Róimhe, a bhí i gcoimhlint le Louis an tráth sin, i measc lucht tacaíochta Liam.
Bás
Tháinig iscéime ar Louis agus fuair sé bás ar 1 Meán Fómhair 1715. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí (Fraincis: Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours).