Luciano Pavarotti
Ba theanór cáiliúil Iodálach é Luciano Pavarotti ( 12 Deireadh Fómhair 1935 - 6 Meán Fómhair 2007) a raibh aithne air ar fud an domhain go háirithe mar amhránaí ceoldráma. Rugadh i Modena i dtuaisceart na hIodáile é. Bhí aithne air chomh maith mar gheall ar a chuid oibre le haghaidh airgead a bhailiú do charthanais ar son dídeanaithe agus do Chumann na Croise Deirge.