Lus míonla
Myosotis | |
---|---|
Myosotis arvensis | |
Planda | |
Cineál an toraidh | céanóibiam |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Boraginales |
Fine | Boraginaceae |
Fofhine | Boraginoideae |
Géineas | Myosotis L., 1753 |
Tugtar lus míonla[1] ar roinnt plandaí blátha i ngéineas na Boraginaceae. Tá ar a laghad 74 speiceas de ann. Planda bliantúil nó ilbhliantúil atá i gceist agus iad dúchasach do na réigiúin mheasartha. An bláthra cornaithe, ach díríonn sé de réir mar a fhadaíonn. Na bláthanna feadánach le 5 mhaothán leata, go minic bándearg mar bhachlóg, ach gorm nuair a osclaíonn, uaireanta le súil bhuí nó bhán mar threoraí meala, nó na dathanna seo ina n-iomláine.
Tá suas le 60 speiceas dúchasach in iarthar na hEoráise agus dhá scór speiceas in iardheisceart an Aigéin Chiúin, sa Nua-Shéalainn go príomha ach i bNua-Ghuine Phapua chomh maith. Maireann cúpla speiceas i Meiriceá, Theas agus Thuaidh. Fásann siad ina lán áiteanna eile sna réigiúin measartha mar a dtugadh isteach iad mar phlandaí maisiúcháin. Glactar leis an speiceas M. scorpioides mar speiceas sainiúil an ghéinis.
Ciallaíonn myosotis "cluas luiche" sa Ghréigis. Tugtar Vergissmeinnicht orthu i nGearmáinis, ainm a d'aistríodh go roinnt teangacha eile, mar shampla "forget-me-not" sa Bhéarla.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Myosotis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lus míonla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.