Míoca

Grúpa tábhachtach mianraí coitianta a fhoirmíonn carraigeacha, a mbíonn struchtúr cisealach acu a thugann foirm leata do na criostail is scoilteacht bhunúsach fhoirfe. Ó thaobh ceimice de, is sileacáití hiodrúla coimpléascacha iad i bhfoirm leathán, ag cuimsiú alúmanaim, potaisiam, sóidiam, maignéisiam is iarainn. Míocaí suntasacha is ea moscóít (míoca bán), sileacáit photaisiam alúmanain atá éadrom airgeadach, agus bitít atá dúdhonn le hiarann is maignéisiam breise.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Míocaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 458.