Míona cnoic
Gracula ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Sturnidae |
Géineas | Gracula ![]() Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Éan de chlann na ndruideanna, dúchasach don India is oirdheisceart na hÁise. Áitríonn sé foraoisí, ag ithe torthaí, feithidí, neachtair, agus uaireanta laghairteanna. Dubh le sprochaillí buí ar an gceann. Maireann sé i ngrúpaí beaga, agus neadaíonn i bpoll i stoc crainn. Is minic ina éan cáis é de bhrí go ndéanann sé aithris ar ghuth an duine. Ní dhéanann sé a leithéid is é saor sa nádúr.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míona cnoic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.