Mógail
Sonraítear leis an ainm Móngol (Mongóilis: Mongγol) grúpa eitneach amháin nó grúpaí éagsúla eitneacha, atá lonnaithe anois den chuid is mó sa Mhongóil, sa tSín, agus sa Rúis.
Sainmhíniú
Áirítear le sainmhíniú caol na Mógail chuí cheart, agus iad seo roinnte go garbh idir Mógail oirthearach agus iartharach. Sa chiall is leithne, áirítear pobal Mongólach, gach duine a labhraíonn Mongóilis, mar shampla na Cailmícigh (Béarla: Kalmyks) in oirthear na hEorpa.
Láithríodh an t-ainm "Móngol", i dtaifid na ríshliochta Tang ar dtús báire san 8ú haois, mar fine de na Shiwei (Sínis:室韦), ach ní raibh trácht air go dtí an 11ú haois i rith rialaithe na Qìdān (Sínis: 契丹; Peirsis: ختن). Tar éis titim na Ríshliochta Liáo Cháo (Sínis: 辽朝), sa bhliain 1125, tháinig na Móngail chun cinn mar an príomhthreabh i Steip na hEoráise. Mar sin féin, laghdaigh a gcogaíocht leis an Ríshliocht Jin agus na Tataraigh iad go mór. Sa 13ú haois, d'fhás sé ina scáththéarma do ghrúpa mór Mongólach agus treibheanna Tuircice aontaithe faoi riail Gheingeas Cán faoin chéannacht céanna (céannacht chultúrtha den chuid is mó).
Stair
Bunaithe ar téacsanna stairiúla Síneacha, is féidir sinsearacht na bpobal Mongólach a rianú ar ais chuig na Dōnghú (Sínis: 东胡;) , cónaidhm treibhe a bhí iontu agus iad i seilbh tailte in oirthear na Mongóile agus an Mhanchúir. Chloígh Mao Dun (Sínis: 冒顿单于,) de chuid na Xiōngnu iad, tar éis é a bheith ceaptha ina Impire sa bhliain 209 RC. Tá díospóireacht fós faoi chéannacht na Xiōngnu. Cé go n-áitíonn roinnt scoláirí gur próta-Mógail a bhí iontu, éiríonn an cheist casta go leor, mar go rianaíonn staraithe Síneacha treibheanna Tuircice áirithe ó na Xiōngnu freisin. Is féidir, áfach, na Dōnghú a lipéadú níos éasca mar próta-Mógail ós rud é go rianaíonn startha Síneachana na treibheanna agus na ríochtaí Mongólacha ina dhiaidh sin go heisiach uathu (pobail Xiānbēi den chuid is mó), cé go maíoann roinnt téacsanna stairiúla go bhfuil gaol sinsearachta measctha Xiōngnu-Dōnghú ag roinnt treibheanna (m.sh. i gcás an prota-Mongólach Qìdān).