Mónóg
Vaccinium subg. Oxycoccus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | mónóg |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Vaccinium |
Foghéineas | Vaccinium subg. Oxycoccus A.Gray, 1848 |
Ainmníocht | |
Basainm | Oxycoccus |
Tom beag dreaptha síorghlas, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh is ea an mónóg. Is é Vaccinium oxycoccos a hainm eolaíoch. Tá sí seascannach le hithir aigéadach. Na gais an-chaol fréamhaithe; na duilleoga 4-8 mm ar fhad, leathfhada nó ubhchruthach, biorach, scothghorm ar an taobh thíos, na himill infhillte; na bláthanna ar ghais fhada chaola, 5-6 mm ar leithead, bándearg, le 4 pheiteal ag lúbadh siar; an chaor cruinn nó piorrachruthach, dearg nó donn le spotaí, inite.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mónóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 468.