Calafort agus príomhchathair Chúige Mhagadan sa Rúis is ea Magadan. Tá Magadan suite in oirthuaisceart na Rúise ar chósta Mhuir Ocatsc. Bunaíodh Magadan i 1930 agus, go dtí an bhliain 1991, bhí an chathair dúnta ar an domhan mór. Tá sé oscailte do chuairteoirí ó shin i leith, ach tá laghdú leanúnach ar an líon daoine ina gcónaí ann: 151,652 duine sa bhliain 1989; 99,399 i 2002; agus 95,982 i 2010.